Éamon Ó Cuív
Question:133 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fheabhas a chur ar scéim uisce Inis Móir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9810/96]
Vol. 465 No. 3
133 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fheabhas a chur ar scéim uisce Inis Móir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9810/96]
D'éirigh leis an bhfiosrú suímh, a críochnaíodh le déanaí, foinse bhreá nua uisce a aimsiú dón oileán. Braitheann forbairt fhadtéarmach na scéime, áfach, ar iarratas ar airgeadas ón gCiste Comhuaineach a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar 13 Meitheamh 1995. Táthar ag feitheamh ar chinneadh ón gCoimisiún i láthair na huaire.