Éamon Ó Cuív
Question:111 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas ó Choiste na Páirce, Ros Muc, Contae na Gaillimhe ar dheontas le páirc peile a fhorbairt ar an nGort Mór, Ros Muc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9905/96]