Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 May 1996

Vol. 465 No. 6

Written Answers. - Cumann Náisiúnta na hAmharclainne.

Éamon Ó Cuív

Question:

147 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé leis go bhfuil faillí á dhéanamh ar Chumann Náisiúnta na hAmharclainne ó thaobh airgeadú de; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.[10465/96]

Soláthar iomlán de £2,708,000 atá á chur ar fáil do Chumann na hAmharclainne Náisiúnta i 1996, faoi mar a socraíodh ag an gComhairle Ealaíon agus a aontaíodh liomsa i gcomhréir leis na socruithe chun na hinstitiúidí cultúrtha náisiúnta do na healaíona comhaimseartha a airgeadú. Is méadú é seo de thart ar 7 faoin gcéad ar an soláthar do 1995. Tá suim £212,000 san áireamh i soláthar 1996 le haghaidh turasanna mar aon le suim caipitil de £125,000. Chomh maith leis sin, beidh an Chomhairle Ealaíon sásta £ in aghaidh an £ a chur ar fáil i leith urraíochta a bheidh faighte ag an gCumann, suas go dtí teorainn £75,000, ach táirseach de £125,000 a bheith sroichte ag an gCumann roimhré.

Creidim gur fianaise soiléir é ar thacaíocht an Rialtais agus na Comhairle Ealaíon do Chumann na hAmharclainne Náisiúnta an leibhéal cistíochta atá curtha ar fáil don chumann i 1996.

Top
Share