Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jun 1996

Vol. 466 No. 4

Written Answers. - Scoil Chuimsitheach Chíaráin.

Robert Molloy

Question:

182 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl an bhfuil tuairisc faighte fós ón ailtire comhairleach maidir le plean indéantachta faoi conas is fearr freastal ar riachtanaisí cíoríochta Scoil Chuimsitheach Chíaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11527/96]

Tá iarrtha ar an ailtire comhairleach tuairisc a sholáthar, chomh maith le plean indéantachta, faoi conas is fearr freastal ar riachtanaisí cóiríochta na scoile.

Níl an tuairisc seo curtha faoi bhráid an Aonad Tógala sa Roinn go fóill.

Nuair a bheidh an tuairisc sin ar fáil agus breithnithe ag an Roinn cuirfear scéala chuig bord bainistíochta na scoile.

Top
Share