Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Forbairt Gaeltachta.

Helen Keogh

Question:

30 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé leis gurb í easpa infreastrucht úir nua-aimseartha an cosc is mó ar fhorbairt na nGaeltachtaí; an gcuirfeadh sé in iúl cén teagmháil atá déanta aige féin leis na húdaráis éagsúla chun an deacracht sin a shárú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12199/96]

Is constaic mhór í easpa bunstruchtúir nua-aimseartha ar fhorbairt na Gaeltachta.

Bíonn plé ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta mar is cuí leis na heagraíochtaí atá freagrach as cúrsaí bunstruchtúir — bóithre, teileachumars- áid, leictreachas, uisce, séarachas, saor áidí calaíochta, aerstráicí, etc. Is obair leanúnach í seo agus, cé nach féidir a bheith lánsásta leis an dul chun cinn i ngach cás, tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar go leor bealaí, mar shampla, sa réimse teileachumarsáide. le haerstráicí, le muiroibreacha, le cumhacht leictreachais agus le huisce. Ar an taobh eile den scéal níl aon phríomhbhealach náisiúnta trí aon cheantar Gaeltachta agus tá staid na mbóithre móra sa Ghaeltacht ina bhac ar dhul chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh riachtanais bhonneagar bunúsach iompair na Gaeltachta ar chláracha oibre na n-údarás cuí.
Tá fomhírcheann i Vóta mo Roinne (i.e., Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht) faoina gcabhraítear ar scála teoranta le bunstruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú. Suim £3.344 m atá ar fáil i mbliana le caitheamh ar na scéimeanna sin. Den tsuim sin caithfear thart ar £2m ar an mórscéim mhuiroibreacha trí bliana atá le tosú ag luath ar Thoraigh, Contae Dhún na nGall. Beidh an obair ar chalafoirt Inis Oírr agus Inis Meáin críochnaithe i mbliana ar chostas iomlán timpeall £4.7m.
Top
Share