Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Jun 1996

Vol. 467 No. 1

Written Answers. - Contae na Gaillimhe Scoil.

Robert Molloy

Question:

238 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl i leith Cheist Uimh. 182, 5 Meitheamh 1996, an bhfuil aon tuairisc faighte fós ón Ailtire Comhairleach maidir le Plean Indéantachta faoi conas is fearr freastal ar riachtanaisí cóiríochta Scoil Chumsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12732/96]

I dtaca leis an bhfreagra dar dáta 5 Meitheamh 1996, tá réamhthuairisc curtha ar fáil ag an Ailtire Comhairleach.

Tá an Roinn ag fanacht ar thuairisc níos leithne faoi láthair.

Is féidir a bheith cinnte gur mian liom-sa riachtanaisí cóiríochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin a réiteach chomh luath agus is féidir.

Top
Share