Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Jun 1996

Vol. 467 No. 1

Written Answers. - Aitheantas Oifigiúil Ghaelscoileanna.

Trevor Sargent

Question:

46 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici aitheantas oifigiúil a thabhairt do Ghaelscoil Átha Cliath 6/4 i Raghnallach, roimh 27 Meitheamh 1996, i dtreo is gur féidir leis an mbainistíocht múinteorí a lorg in am. [12699/96]

Fuarthas iarratas im' Roinn ag deireadh Mí Márta chun Gaelscoil nua a oscailt i Raghnallach, Baile Átha Cliath 6, le héifeacht ón chéad lá de Mheán Fómhair, 1996. Tá an t-iarratas seo á scrúdú i mo Roinn faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a thabhairt sa chás go luath.

Top
Share