Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Jul 1996

Vol. 467 No. 7

Written Answers. - Cé Inis Oírr.

Éamon Ó Cuív

Question:

130 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a fritheadh iarratas ó Chomhar Caomháin Teorants le fánán a thógáil in aice na céibhe nua in Inis Oírr; agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo. [14488/96]

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimhir 163 ar 20 Feabhra 1996 fuarthas iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta go dtogfaí sleamhnán in aice na cé ag Inis Oírr i Mí Feabhra 1995.

Tá curtha in iúl ag Roinn na Mara go meastar go gcosnódh sé £110,000 chun an sleamhnán sin a thógáil agus tá tuarascáil iarrtha ón Roinn sin ar thionscal na hiascaireachta ar Inis Oírr agus ar thábhacht an tsleamhnáin don tionscal sin. Níl an tuarascáil sin faighte fós.

Breithneofar cás an tsleamhnáin mar thogra ann féin nuair a gheofar an tuarascáil sin.
Top
Share