Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 Jul 1996

Vol. 468 No. 4

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

291 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an gcaiteachas ar Scéim na mBóithre Áise i mbliana; cén uair a fhoilseofar liosta na mbóithre a bhfuil caoi le dul orthu i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15634/96]

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 166 agus 167 ar 18 Meitheamh 1996, níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caitheachais ar bhóithre Gaeltachta agus, ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na comhairlí contae iomchuí í staid na mbóithre sin.

Nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire ar ball maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar scéimeanna feabhsúchán sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.

San idirlinn tá iarrtha ag mo Roinnse ar gach comhairle contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina cúram liosta a chur ar fáil de na bóithre sna limistéir Ghaeltachta gur gá a fheabhsú nó a dheisiú mar aon le garbhmheastachán ar chostas na hoibre atá de dhíth.
Top
Share