Is amhlaidh gur iarr mo Roinnse ar deich gcomhlucht tairiscint a chur isteach i ndáil le seirbhísí bus a sholáthar le linn don Chruinniú d'Airí Cultúrtha agus Closamhairc den Aontas Eorpach a bheith ar siúl i nGaillimh le déanaí. Bhí seacht gcomhlucht ó Chontae na Gaillimhe san áireamh ainsin ach tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé críonna ainmneacha na gcomhluchtaí príobháideacha ar leith a lua. Bhí an próiséas tairisceana teoranta do chomhluchtaí atá ar an liosta reatha de chomhluchtaí atá inghlactha don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus do Bhord Fáilte Éireann chun seirbhísí den chineál a bhí riachtanach don Chruinniú Airí a chur ar fáil. Ós rud é nach raibh Bus Éireann ar an liosta sin, ní raibh ar chumas mo Roinn-se cuireadh a thabhairt don chomhlucht sin tairiscint a chur ar fáil — cé gur iarradh tairiscint ar CIE Tours, atá sa chlann céanna le Bus Éireann.
Rinne oifigigh de chuid mo Roinne na tairiscintí a mheas i gcomhréir le treoirlínte atá leagtha síos ag an Rialtas. Mar thoradh ar an mbreithniú sin, tugadh an conradh don chomhlucht a chuir an tairiscint ab ísle isteach. Ba léir freisin go raibh an chumas an chomhluchta sin an cineál seirbhíse a bhí de dhíth a sholáthar.
Chloigh mo Roinn go beacht leis na treoirlínte i roghnú an chomhluchta a fuair an tairiscint agus ní miste a threisiú go soiléir nach raibh páirt ar bith agamsa, a bheag nó a mhór, sa phróiséas roghnaithe a bhí i gceist.