Cheadaigh mé deontas £10,000 anuraidh mar chabhair chun seomraí feitis agus seomra cruinnithe a thógáil ag Páirc Imeartha Bhaile Chláir agus tá tráthchuid £5,000 den deontas sin íochta cheana féin. Tá iarratas ar thráthacuid eile den deontas á mheas ag mo Roinnse faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith chomh luath agus is féidir.
Tá moill ar phroiseáil cuid de n h-iarratais (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh cigire uachtarach tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstruchturú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.