Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Cigireacht Tí.

Éamon Ó Cuív

Question:

70 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cigireacht ar theach duine (sonraí tugtha) i Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16459/96]

Tá iarratas ar dheontas chun teach nua a thógáil á mheas ag mo Roinnse go fóill sa chás seo.

Faoi mar is eol don Teachta, tá moill ar phroiseáil cuid de na h-iarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh cigire uachtarach tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúil leis an bhfoireann tithíochta agus lena gcéardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstruchtúrú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.
Déanfar cinneadh sa chás a luatihe agus is féidir ansin.
Top
Share