Éamon Ó Cuív
Question:197 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén staid ina bhfuil an t-iarratas ó grúp-scéim uisce Leitir Caladh Uimhir 3, Leitir Mór, Contae na Gaillimhe; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas uathu le scéim uisce a bhunú do thríocha teach, agus na feilmeacha a bhaineann leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18523/96]