Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Oct 1996

Vol. 470 No. 4

Written Answers. - Grant Payments.

Michael Ring

Question:

127 Mr. Ring asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht when a person (details supplied) in County Mayo will receive the balance of his grant. [19027/96]

Ceadaíodh deontas £1,897 san iomlán sa chás seo ar 1 Nollaig 1981 chun "Dara Teach" a athchóiriú. Íocadh tráthchuid £800 leis an iarratasóir ar 14 Aibreán 1983.

Is gnáth-choinníoll i gcás iarratasóirí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) nach mór dóibh cruthúnas sasúil teidil a chur ar fáil do mo Roinnse.

Níor éirigh leis an iarratasóir áirithe seo an fhianaise sin a chur ar fáil, cé gur tugadh gach seans dó é sin a dhéanamh. Mar gheall air sin, b'éigean do mo Roinnse fuílleach an deontais a chur ar ceal ar 8 Eanáir 1991 — os cionn naoi mbliana tar éis dáta an cheadúcháin.

Top
Share