Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Gaeilge san Aontas Eorpach.

Robert Molloy

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé eolas ar fáil faoi gach iarracht stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chur chun cinn le linn uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20976/96]

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 107 ar 30 Aibreán 1996, mar fhreagra ar Cheisteanna Uimh 22, 24, 80 agus 93 ar 12 Meitheamh 1996, agus mar fhreagra ar Cheist Uimh. 38 ar 8 Deireadh Fómhair 1996 is faoi réir na tagairte do chóras na dteangacha san Aontas Eorpach i mír 3.209 den Pháipéar Bán Um Bheartas Eachtrach a ghlacfar le deis oiriúnach chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach.

Top
Share