Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 94 ar 14 Samhain fuarthas tuarascáil innealtóireachta agus réamhmheastachán costais ó Roinn na Mara ar 5 Samhain maidir le hoibreacha feabhsúcháin ag Piara an Rannaigh. Dúradh sa tuarascáil sin go meastar go mbainfeadh costas de thart ar £120,000 le leibhéal an phiara ann a ardú agus go mbeadh gá le tuilleadh suirbhéanna ar chostas breise chun na féidearthachtaí maidir le síneadh a chur leis an bpiara sin a mheas.
Tá curtha in iúl ag Roinn na Mara, chomh maith, go bhfuil gá le hoibreacha deisiúcháin áirithe ar na saoráidí calaíochta atá ann faoi láthair agus go meastar go gcosnódh na hoibreacha sin thart ar £10,000.
Tá an cheist i gcoitinne á meas ag mo Roinnse.