Bhuail an Coiste Monatóireachta le chéile ar 25 Meán Fómhair 1995.
Déanann an Coiste seo na seirbhísí farantóireachta (idir paisinéirí agust lasta) ó chathair na Gaillimhe agus Rós A Mhíl go hÁrann a phlé.
Tá ionadaithe ar an gcoiste ó gach oileán de na hóileáin Árann, ó na comhlachtaí farantóireachta agus ó na Ranna Rialtais ábhartha. Is fóram fiúntach é chun na seirbhísí farantóireachta a phlé agus chun bealaí eagsúla a aimsiúd'fhonn an tseirbhís a fheabhsú. Is é príomhchuspóir an Choiste ná teagmháil agus cumarsáid idir muintir na n-oileán agus soláthróirí na seirbhísí a chur chun cinn.
De réir na moltaí sa Tuarascáil Idir-Ranna um Fhorbairt na nOileán, aistríodh cúraimí maidir le seirbhísí farantóireachta go mo Roinn féin ón Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide. Is í an Roinn sin a bhí i gceannas ar an gCoiste Monatóireachta go dtí sin.
Ó aistríodh na cúraimí, níor bhuail an Coiste le chéile ach tá socruithe anois go dtionólfar an chéad chruinniú eile an 6ú lá de mhí na Nollag.