Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 19 Dec 1996

Vol. 473 No. 3

Written Answers. - CCTV, Gaillimh.

Éamon Ó Cuív

Question:

130 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a chuirfear CCTV ar fáil do dhuine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [25023/96]

Is ceann de líon iarratas atá cosúil lena chéile agus atá á meá ag mo Roinnse i láthair na huaire an cheist atá á hardú ag an dTeachta.

Tá mó Roinnse ag súil a bheith in ann na hiarratais seo a fhreagairt go luath san athbhliain.

Top
Share