Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 19 Dec 1996

Vol. 473 No. 3

Written Answers. - Theorainneacha na Gaeltachta.

Éamon Ó Cuív

Question:

19 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon athrú a chur ar theorainneacha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23780/96]

Níl sé i gceist agam aon athrú a chur ar theorainneacha na Gaeltachta faoi láthair.

Mar is eol don Teachta, áfach, tá sé i gceist agam le tamall athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha sin. Tá beartaithe agam comhairleoirí a fhostú chun cabhrú liom san obair. Beidh fógraí ar na nuachtáin go luath ag lorg tairiscintí ó chomhairleoirí oiriúnacha.

Top
Share