Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Jan 1997

Vol. 473 No. 5

Written Answers. - Meastacháin na Roinne.

Robert Molloy

Question:

10 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfeadh sí in iúl an bhfuil airgead ar fáil i Meastacháin 1997 le haghaidh foirgneamh nua le haghaidh Gaelscoil Mhic Amhlaidh, Cnocán na Cathrach, Contae na Gaillimhe agus le haghaidh foirgneamh nua do iar-bhunscoil Choláiste na Coiribe a thógáil ar an suíomh céanna i gCnocán na Cathrach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1810/97]

Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh áirithe i measc na dtionscnamh atá á meas le h-aghaidh maoiniú caipitil i mbliana. Tá suíomh don scoil aimsithe ach níor ceannaíodh é go fóill mar go bhfuil deacracht maidir le slí isteach chuige. Caithfear an deacracht sin a shárú sular féidir an suíomh a cheannach.

Idir an dá linn, tá mo Roinnse ag leanúint ar aghaidh le pleananna a ullmhú don bhfoirgneamh. A luaithe is a bhíonn réiteach ar an ndeacracht, ceannófar an suíomh. Nuair a dhéanfar amhlaidh, agus nuair a bheidh na pleananna ullamh, déanfar cinneadh maidir le tairiscintí a lorg agus conradh a shíniú i gcóimhthéacs na n-acmhainní a bheidh ar fáil agus na dtosaíochtaí eile ag an am sin.

Maidir le Coláiste na Coiribe, ní féidir ceist foirgneamh nua a chur ar fáil don scoil a bhreithniú go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta uirthi. Tagann an scoil seo faoi choimirce Choiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe agus táthar díreach tar éis iarratas forimiúil a fháil ón gcoiste ar aitheantas buan don choláiste.

Tá stádas na scoile á bhreithniú sa Roinn faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith gan mhoill. Braithfidh ceist na cóiríochta buaine ar an gcinneadh seo.

Top
Share