Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Feb 1997

Vol. 474 No. 3

Adjournment Debate. - Coláiste na Coiribe, Gaillimh.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Ó Maoildhia.

Sílim go bhfuil sin aontaithe.

Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste na Coiribe a bunaíodh cúpla bliain ó shin. Tá an coláiste ag freastal ar scoláirí a thagann ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe — Scoil Dara agus Gaelscoil Mhic Amhlaigh. Tá fíor-ghá go dtabharfar aitheantas oifigiúil don scoil seo agus freisin go ndéanfar socrú maidir le buanacht a thabhairt do na múinteoirí ann agus freisin suíomh buan agus foirgintí buana a chur ar fáil don scoil.

Tá éirithe thar cinn leis an scoil seo ó cuireadh ar bun í, ach beidh srian an-mhór ar an dul chun cinn gur féidir leis an scoil a dhéanamh muna gcuirfear na riachtanais seo ar fáil.

Tá sé fíor-thábhachtach a lua go bhfuil cathair na Gaillimhe ar imeall na Gaeltachta agus tá go leor daoine sa chathair a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu nó fíorspéis acu sa Ghaeilge. Tá siadsan ag súil go mbeidh oideachas tré Ghaeilge ar fáil sa chathair agus go mbeidh na háiseanna cuí curtha ar fáil leis an oideachas sin a chur ar fáil.

Cuireann sé íontas orm nach bhfuil pleanáil dearfach ar bun le cinntiú gurb amhlaidh a bheidh an scéal amach anseo le gur féidir leis an stáit leanacht don pholasaí atá acu maidir le seirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge. I réimse leathan beidh riachtanais ag daoine a fuair a gcuid oideachtais tré Ghaeilge. Gan na scoileanna lán-Ghaeilge agus gan meán-scoileanna lán-Ghaeilge ní bheifear in ann seo a dhéanamh. Le roinnt blianta anuas bhí iarratais leanúnacha á ndéanamh agam féin agus ag Teachtaí eile go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don scoil agus aitheantas buan; go gceapfaí agus go dtabharfaí stádas buan do na múinteoirí sa scoil agus go bhféachfaí freisin le suíomh a cheannach le cóiríocht bhuan a chur ar fáil. Tá súil agam tráthnóna go mbeidh deá-scéala ag an Aire Stáit go bhfuil i gceist ag an Rialtas gníomhú go dearfach ar seo agus nach mbeidh gá le feachtas láidir len a gcearta a bhaint amach ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó dhaltai na scoile. Ní ceart go mbeadh sin i gceist. Mar a dúirt mé, tá go leor bunscoileanna lán-Ghaeilge sa chathair agus tá gá anois go dtabharfaí aitheantas ceart don mheánscoil lán-Ghaeilge.

Bunaíodh Coláiste na Coiribe, an iarbhunscoil lán-Ghaeilge i 1992. Tá an Coláiste ag troid le haitheantas buan ón Roinn Oideachais a bhaint amach. Cé go bhfuil an coláiste ina 5ú bliain anois le rang Ardteistiméarachta i 1998 tá aitheantas buan diúltaithe ag an Roinn Oideachais go dáta.

Tá 73 dalta sa choláiste lán-Ghaeilge, le 25 breise cláraithe don scoil-bhliain 1997, chomh maith le níos mó ná 100 clárúcháin eile go dtí an bhliain 2006. I scrúduithe stáit bhain scoláiri Choláiste na Coirbe ard-mharcanna amach agus fuaireadar an chéad áit in Éirinn i dtorthaí Gaeilge don tarna bliain as a chéile. Níl aon phríomh oide buan sa choláiste ó 1992. Níl aon mhuinteoir buan ar bith sa choláiste cé go bhfuil ceapachán amháin le ceadú i mbliana. Níl cinnteacht fóirne ó bhliain go bliain agus níl cinnteacht ábhar ar churaclam dá réir toisc gach múinteoir a bheith sealadach. Níl suíomh buan ceannaithe ná curtha ar fáil don choláiste a thabharfadh deis dó forbairt mar is cuí.

Tá neamhaird agus leatrom á dhéanamh ar cheartanna na scoláirí sa scoil seo agus ar cheartanna a dtuismitheoirí agus a múinteoirí agus ar phobal na Gaeilge i gcoitinne. Iarraim ar an Aire anocht a chur in iúl go bhfuil an Rialtas seo anois sásta aitheantas buan iomlán a thabhairt don scoil agus suíomh agus foirgneamh buan a thabhairt dí ionas go mbeidh sí in ann dul ar aghaidh agus freastal a dhéanamh ar scoláirí Gaeilge na Gaillimhe.

Gabhaim buíochas leis an dTeachta as ucht an cheist seo a ardú. Tugann sé deis dom, thar cheann an Aire, stáideas an iarratais ar aitheantas buan do Choláiste na Coiribe a léiriú.

D'oscail Coláiste na Coiribe i Mí Meán Fhómhair 1992. Feidhmíonn an scoil faoi choimirce Coiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe, i seanbhunscoil Naomh Breandán ar Bhóthar Thuama, Gaillimh. Faoi mar is gnáth i gcás scoileanna nua, bronnadh aitheantas sealadach ar an gColáiste i dtús báire.

I gcoitinne, ní thugtar aitheantas buan do scoil nua go ceann roinnt blianta, go dtí go mbítear sásta go n-éireoidh leí. Fairis sin, ní féidir suíomh buan nó foirgneamh nua a chur ar fáil do scoil ar bith go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta uirthi. Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil uimhir na ndaltaí ag an mbunleibhéal ag dul i laghad fé láthair agus tá laghdú le teacht ag an meánleibhéal. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a dhearbhú, chomh fada agus is féidir, go bhfuil scoil nua ag dul i neart agus go mbeidh rollacháin sásúil aici amach anseo.

Le déanaí, fuair an Roinn iarratas foirmiúil ó Choiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe ar aitheantas buan do Choláiste na Coiribe. Tá stáideas an Choláiste á bhreathniú sa Roinn faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith gan mhoill. Braithfidh ceist na cóiríochta buan ar an gcinneadh seo.

Top
Share