Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Feb 1997

Vol. 474 No. 6

Written Answers. - Contae Na Gaillimhe CCTV.

Éamon Ó Cuív

Question:

175 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais ó tharla go ndúirt sí i bhfreagra Dála ar an 19ú Nollaig, 1996 go ndéanfar cinneadh ar iarratais ar CCTV do ghasúr (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe, go luath san Athbhlian, an bhfuil an cinneadh seo déanta anois agus cén cinneadh a tógadh. [3630/97]

Is ceann de roinnt iarratas ar threalamh speisialta atá á scrúdú ag an Roinn an cás a bhfuil an Teachta ag tagairt dó.

Agus achainíocha den chineál seo á mbreathnú ag an Roinn, ní mór an tosaíocht ó thaobh riachtanais de i measc na n-iarratasóirí a mheas i bhfianaise na n-acmhainní atá ar fáil.

Tuigim go gcuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi thoradh an phróisis sin go han-luath.

Top
Share