Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Feb 1997

Vol. 474 No. 6

Written Answers. - Scoil Dara, (An Rinn Mhór) Contae Gaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Question:

176 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici múinteoir feabhais a cheapadh do Scoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh, ag a bhfuil 250 scoláire ar an rolla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3631/97]

Ní thig liom, láthair, múinteoirí feabhais breise a dháileadh ar bhunscoileanna.

Ó ceapadh mar Aire Oideachais mé, rinne mé 241 múinteoirí feabhais breise a dháileadh ar bhunscoileanna agus tá 1,188 múinteoirí feabhais ar fad ann anois. Sa tréimhse chéanna mhéadaigh an céatadán de dhaltaí a bhfuil teacht acu ar sheirbhísí feabhais ó 77 faoin gcéad go 87 faoin gcéad.

Mar Aire Oideachais, áfach, ní mór dom smaoineamh ar an gcaoi is fearr chun na hacmhainní atá ar fáil a riaradh thar raon níos leithne de riachtanais speisialta. Caithfidh mé tosaíochtaí a leagan síos agus iarracht a dhéanamh ar acmhainní a dháileadh sa tslí is éifeachtaí.

Leag mé béim ar leith, i mbliana, ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais agus rinne mé iarracht acmhainní a dhíriú ar an bhfadhb sin d'fhonn deireadh a chur léi. Mar chuid den bheartas sin, sheol mé tionscnamh mór nua le déanaí a bhfuil sé mar aidhm leis cúnamh speisialta a thabhairt do leanaí i gceantair roghnaithe uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste oideachais.

D'éirigh liom dul chun cinn suntasach a dhéanamh thar an raon iomlán de riachtanais speisialta, agus an t-oideachas feabhais san áireamh, ó ceapadh mé mar Aire Oideachais. A luaithe agus a thig liom an tseirbhís feabhais a leathnú arís, breathnófar go mion ar riachtanais na scoile áirithe atá i gceist.

Éamon Ó Cuív

Question:

177 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard iad na pleananna atá aici le cóiríocht bhuan a chur af fáil do Scoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3632/97]

Déanfar cás Scoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh, a mheas nuair bhéas clár caipitil na blian, seo chugainn á chur le chéile. Níl ar mo chumas airgead a chur ar fáil don tionscnamh seo i mbliana.

Top
Share