Faoi láthair tá an conradh le haghaidh seirbhís farantóireachta paisinéirí/lasta ó Chathair na Gaillimhe go hOileáin Árann ag O'Brien Shipping Ltd., i nGaillimh. Is tréimhse sheasta chúig bliana ón gcéad lá Meán Fómhair 1992 go dtí an lá deireanach de Lúnasa 1997 atá sa chonradh reatha leis an gcuideachta.
Faoi na téarmaí, d'fhéadfaí síneadh cúig bliana a chur leis an gconradh má aontaíonn an dá thaobh. Mura mbíonn comhaontú ann faoi théarmaí an chonartha nua, cuirfidh mo Roinn an conradh ar thairiscint oscailte.
Cuireann an Coiste Monatóireachta, a bhfuil mo Roinn mar chathaoirleach air, fóram úsáideach ar fáil do na hionadaithe ó na hoileáin chun plé a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann leis na seirbhísí farantóireachta fóirdheonaithe. Tá treoir tugtha agam go socrófaí cruinnithe den Choiste in aghaidh na ráithe.
Má théann na seirbhísí farantóireachta lasta/paisinéirí ar thairiscint oscailte cloífear le Gnáthnósanna Imeachta Rialtais. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Monatóireachta mar chuid de phróiséas ullmhaithe an iarratais ar thairiscintí.