Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Ceisteanna — Questions. Priority Questions. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

5 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige airgead a chur ar fáil le haghaidh Scéim na mBóithre Áise i 1997; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1958/97]

Níl soláthar sonrach i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre sa Ghaeltacht. Tá mé sásta athbhreithniú a dhéanamh, áfach, roimh dheireadh Aibreán i gcomhthéacs chaiteachas mo Roinne ar oibreacha eile. Ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Chomhshaoil agus do na Comhairlí Contae iomchuí í staid na mbóithre sa Ghaeltacht.

Rinne mé fiosrúcháin leis an Roinn Chomhshaoil faoin scéal agus chuir siad in iúl dom go bhfuair na Comhairlí Contae seo a leanas airgead breise i 1996 i gcomparáid le 1995 do bhóithre contae:—

Corcaigh £1,641,000

Ciarraí £678,560

Gaillimh £1,036,856

Maigh Eo £1,309,000

Dún na nGall £1,148,900

Thug na deontais seo deis do na Comhairlí Contae airgead breise a chur ar fáil do bhóithre pobail.

Is léir gurb é a rinneadh don cheist seo ná freagra na bliana seo caite a aimsiú agus a rá go ndéanfar é seo a athbhreithniú arís. Is léir freisin go bhfuil olltoghchán ag teacht.

An bhféadfainn ceist dhíreach a chur ar an Aire nó ar an Aire Stáit? An mbeidh airgead ann do scéim na mbóithre áise i 1997? Beidh nó ní bheidh.

Dúirt mé nach raibh aon soláthar i vóta mo Roinne do bhóithre áise.

Go raibh maith agat. An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú freisin gur liosta sonraitheach bóthar is mó a fuair na comhairlí contae airgead lena n-aghaidh i mbliana ón Roinn Chomhshaoil agus gur fíorbheagán airgid atá ann le caitheamh go discréideach agus nach bhfuil aon cheann de na bóithre a bhí ar chlár molta Chomhairle Contae na Gaillimhe do scéim na mbóithre áise ar an liosta a fuaireamar ón Roinn Chomhshaoil.

Nuair a bheidh athbhreithniú déanta againn, cuirfidh mé an scéala sin san áireamh.

An dtuigeann an tAire agus an tAire Stáit cé chomh tábhachtach is a bhí scéim na mbóithre áise? Dhírigh sé airgead isteach sna Gaeltachtaí chun na fo-bhóthair seo a dheisiú. Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim sin agus nuair a tugadh an t-airgead don Chomhairle Contae, scaipeadh an t-airgead breise sin ar fud an chontae uilig. Níl ach mionlach ag an Gaeltachtaí ar na comhairlí contae áit a mbíonn an t-airgead seo á roinnt amach. Is buille tubaisteach é sin do na ceantair iargúlta ar fud chósta iarthar na hÉireann go bhfuil an scéim curtha ar ceal ag an Rialtas seo. Is iad na daoine áitiúla atá thíos leis agus tá na bóithre ag titim as a chéile ina lán áiteacha agus gan aon seans ann go bhféadfaí iad a fheabhsú faoin scéim atá an Rialtas seo tar éis a chur i bhfeidhm in ionad na seanscéime. Is taobh amuigh den Ghaeltacht is mó a chaithfear an t-airgead sin.

D'iarr an Teachta Ó Maoildhia orm treoir a thabhairt do na comhairleoirí contae i gContae na Gaillimhe airgead a chaitheamh ar an nGaeltacht. Nach bhfuil an Teachta Ó Cuív ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus nach bhfuil seisean in ann airgead breise a thabhairt don Ghaeltacht atá faoina chúram féin.

Níl siad ar an liosta.

Fuaireamar liosta ó Chomhairle Chontae Chiarraí agus bhí siad ag iarraidh milliún punt do Chorca Dhuibhne amháin. Níl éinne sásta leis an rud mar atá ach is gnó don Roinn Chomhshaoil agus don chomhairle chontae féachaint chuige go gcoimeádtar caoi mhaith ar bhóithre na Gaeltachta.

Tá suim £2.51 milliún ar fáil ag mo Roinn i mbliana le caitheamh ar scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus ní féidir gach trá a fhreastal.

Ag cur san áireamh go bhfuil ardú iontach mór ar chaiteachas na Roinne agus an Rialtais ar bhóithre sa tuath le cúpla bliain anuas i dTír Chonaill ó £9 milliún i 1994 go £20 milliún i mbliana agus i gContae na Gaillimhe go £17.2 milliún i mbliana ó níos lú ná £10 milliún tá cúpla bliain ó shin tá an Ghaeltacht i dTír Chonaill ag fáil a sciar cothrom de agus tá mé cinnte go bhfuil na comhairleoirí i nGaillimh agus i gConamara ag déanamh a gcuid oibre agus ag déanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeltacht ag fáil a sciar. Deir an tAire Stáit nach bhfuil aon airgead i Meastacháin na bliana do na bóithre go dtí seo ach go mbeidh sé ag déanamh athbhreithniú ar an scéal i mí Aibreán.

Dúirt sé é sin anuraidh.

Tá a fhios agam go bhfuil scéimeanna go leor ag dul ar aghaidh agus i gcás chuid acu, nach gcaithfear an t-airgead agus an bhféadfadh an tAire Stáit insint dúinn an bhféadfaí an t-airgead sin a aistriú go dtí scéim na mbóithre áise mar go bhfuil roinnt bóithre sa Ghaeltacht go bhfuil géarghá le feabhas a chur orthu.

Aontaím leis an Teachta. Tá athbhreithniú le déanamh againn roimh mí Aibreán agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe sin dúirt mé go raibh £2.5 milliún ar fáil do scéimeann feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus beimid ag déanamh athbhreithniú air.

Faoi uisce agus séarachas tá £30,000; faoi mhuiroibreacha tá £2 mhilliún; faoi hallaí agus coláistí tá £250,000; agus faoi saoráidí ilghnéitheacha tá £230,000. Beimid ag déanamh athbhreithnithe air sin.

Cuireann freagraí an Aire Stáit an scéal mar gheall ar an mbuachaillín agus an mactíre i gcuimhne dom: nuair a tháinig sé daíríre, níor chreid éinne é. Sin mar a bheas muintir na Gaeltachta mar gheall ar athbhreithniú níos deireannaí sa bhliain: ní raibh aon mhactíre ann anuraidh agus tá mé ag déanamh amach nach mbeidh ceann ann i mbliaina.

An dtuigeann an tAire Stáit i gcás bhunáite na mbóithre a bhí á ndéanamh faoi scéim na mbóithre áise go traidisiúnta, nach bóithre contae iad agus mar sin nach bhfuil aon bhaint ag caiteachas na Roinne Comhshaoil leis na bóithre sin? Agus céard atá sé chun a dhéanamh faoi? Agus an dtuigeann sé freisin nár tháinig aon airgead dóibh i mbliana?

Is oth liom nach bhfuil an Teachta sásta go ndéanfar athbhreithniú.

Ar aghaidh go dtí Ceist 6 chuig an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Tógfaidh mé Ceist 6 agus Ceist 44 le chéile.

Ceist 6 amháin anois. Na ceisteanna eile ar ball.

Gabh mo leithscéal, a Cheann Comhairle.

Ná habair é, a Aire.

It is hard to change habits. You must bear with me.

Top
Share