Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Written Answers. - Coláistí Gaeilge Samhraidh.

Éamon Ó Cuív

Question:

15 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist ardú a thabhairt do na Mná Tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, i 1997; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2742/97]

Éamon Ó Cuív

Question:

43 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfoilseofar an Tuarascáil a réitíodh ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, agus má tá i gceist í a fhoilsiú cén uair a fhoilseofar í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2741/97]

Togfaidh mé na Ceisteanna Uimh. 15 agus 43 le chéile.

Mar a thug mé le fios don Teach mar fhreagraí ar Cheisteanna Dála roimh Nollaig, tá an t-athbhreithniú ar chóras na gColáisí Gaeilge Samhraidh críochnaithe le tamall agus tá tuarascáil chuimsitheach le moltaí an ghrúpa athbhreithnithe á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Tá go leor moltaí i gceist agus ní mór iad a mheas go cúramach sula ndéanfar cinneadh futhu. Nuair a bheith an próiséas sin críochnaithe ag an dá Roinn déanfar socruithe chun an tuarascáil a fhoilsiú. Is ar éigean, ámh, go gcuirfear aon mholtaí i bhfeidhm roimh 1998. I 1995 rinneadh méadú substaintiúil ar an deontas ó £3.50 go dtí £4.00 in aghaidh an lae — an céad méadú ó 1990 — agus níl sé i gceist árdú eile a dhéanamh i mbliana.

Ní miste a rá nach bhfuil sa chúnamh a íocann mo Roinn féin ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag an teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge. Déanann lucht riartha na gColáistí íocaíocht leis na teaghlaigh chomh maith — as na táillí a íocann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí leo.

Top
Share