Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Ivor Callely

Question:

61 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the level of viewership that Teilifís na Gaeilge has received to date; if he has satisfied himself with this level; and if he will make a statement on the matter. [4759/97]

Robert Molloy

Question:

69 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta le líon na ndaoine le gléasanna teilifíse atá in ann Teilifís na Gaeilge a fháil agus an bhfuil aon rud beartaithe aige chun an scéal a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4805/97]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 61 agus 69 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Tosaíochta ar 19 Nollaig 1996 faoin ábhar seo.

Faoi mar a dúirt mé ar an ócáid sin, tá deimhnithe ag RTÉ go bhfuil sé indéanta do 93 faoin gcéad den daonra Teilifís na Gaeilge a fháil cé go mb'fhéidir go mbeidh ar suas le 20 faoin gcéad den daonra aeróg UHF a fháil.

Tá raon de ghníomhaíochtaí bolscaireachta agus eile á ghlacadh agus á fhorbairt ag RTÉ, Teilifís na Gaeilge agus An Post d'fhonn cabhrú leo siúd a bhfuil an chomhartha ar fáil dóibh agus a dteastaíonn uathu Theilifís na Gaeilge a fháil ach a bhfuil fadhbanna acu teacht ar an tseirbhís.

Maidir leis an lucht féachanna féin, atá difriúil ó cheist na glacadóireachta, baineann sé sin leis na roghanna pearsanta a mbíonn á ndéanamh ag daoine agus níl feidhm agam ina leith.

Top
Share