Éamon Ó Cuív
Question:180 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil an bhfuil iarratas aige ó Chomharchumann Forbartha Inis Mór Teoranta, ar chruinniú le fadhbanna uisce Inis Mór a phlé, agus má tá an bhfuil i gceist aige nó ag oifigigh óna Roinn casadh le hionadaithe ón gComharchumann agus má tá cén uair a bheidh an cruinniú sin ann. [5142/97]