Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Feb 1997

Vol. 475 No. 4

Written Answers. - Bord Bainistíochta.

Éamon Ó Cuív

Question:

222 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist tuismitheoir a cheapadh ar Bhord Bainistíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5140/97]

Tá soláthar déanta agam sa Bhille Oideachais 1997, maidir le bunú agus comhdhéanamh bord bainistíochta ag an gcéad agus an dara leibhéal. De réir forálacha an Bhille, beidh ar chumas an Aire Oideachais órdú a dhéanamh maidir le comhdhéanamh na mbord éagsúla, ach dul i gcomhairle leis na h-eagrais cuí i dtosach, eagrais na dtuismitheoirí san áireamh.

Tá sé beartatithe agam go bpléfeadh mo Roinn ceist comhdhéanamh bord na scoileanna cuimsitheacha leis na h-eagrais éagsúla le linn an bliana seo.

Top
Share