Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Feb 1997

Vol. 475 No. 4

Written Answers. - Cúrsa Ardteiste.

Éamon Ó Cuív

Question:

223 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil iarratas aici ó Choláiste Gobnait in Inis Oírr, Árainn, Contae na Gaillimhe, le haghaidh aitheantas do chúrsa Ardteiste, agus an bhfuil i gceist aici an t-aitheantas a thabhairt go mór mhór ó tharla nach bhfuil aon mheánscoil chónaithe cailíní i nGaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5141/97]

Fuarthas iarratas im' Roinn i mí Eanáir chun cúrsa na h-Árdteistiméireachta a thosú i gColaiste Gobnait ó Mheán Fómhair, 1997.

Tá an tiarratas seo á mheas i mo Roinn faoi láthair agus, chomh luath is atá breith tugtha sa chás, cuirfear scéala dá réir chuig Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Top
Share