Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Feb 1997

Vol. 475 No. 4

Written Answers. - Relocation of Industry.

Donal Moynihan

Question:

116 D'fhiafraigh Mr. Moynihan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil áit curtha ar fáil roimhe seo san ionad tionsclaíochta i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaí, do ghnó déanta cístí agus milseoga (sonraí tugtha). [4871/97]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 216 ar 22 Eanáir faoin ábhar seo.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an foirgneamh i gceist ar fáil don chomhlacht i dtreo dheireadh mhí an Mhárta.

Top
Share