Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Priority Questions. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

13 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéid airgid atá caite ar scéim na mbóithre áise gach bliain le cúig bliana anuas. [12594/97]

Is ceist staitistiúil é seo agus cuirfear an t-eolas ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil.

Caiteachas ar bhóithre sa Ghaeltacht 1992-96

£

1992

356,946

1993

193,583

1994

224,711

1995

235,581

1996

Dada

Nóta: Ní raibh soláthar sa Vóta i 1996 le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht.

An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú nár cuireadh aon airgead ar fáil i 1996 agus nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil i 1997 ach oiread do scéim na mbóithre áise?

Tá an Teachta ceart — ní raibh aon soláthar sa Vóta i 1996 le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht agus níl aon airgead do 1997 freisin ach tá athbreithniu ann faoi láthair na huaire.

An Leas-Cheann Comhairle

When the reply is to be printed in the Official Report and not given orally, a Member must await the reply rather than pursue the matter by supplementary questions. It does not make sense to have supplementary questions when the reply to the main question is not known.

Chun cabhair a thabhairt don Teachta, bainnean Ceist Uimhir 19 ón Teachta McDowell leis an ábhar seo agus beidh deis againn ansin na rudaí a phlé.

Tá íonadh orm nach bhfuil an tAire in ann an t-eolas a chur ar fáil don Teach ach bíodh sin mar atá. An bhféadfaidh an tAire Stáit a rá cén chaoi ar tharla sé gur dhúireadh linn i mí Feabhra seo caite go mbeadh athbreathnú á dhéanamh i mí Aibreán, ach tá mí Aibreán caite gan aon athbreathnú déanta? An bhféadfaidh sé a rá go mbeidh an t-athbreathnú roimh an toghachán? Nuair a chonaic mé an tAire Stáit ag seasamh suas, bhí a fhios agam nach mbeadh muid ag fháil an dea-scéal inniú. An mbeidh an tAire ag dul ar Raidíó na Gaeltachta roimh lá an toghachán ag fógairt an dea-scéile? Caithfidh mé comhgairdeas a chur chun Aire d'éirí leis airgead na healaíne a mhéadú ó £10 milliún go £20 milliún sa mbliain ach, mar is léir ó na statisticí a gheobhfaimid ar ball, níl an tAire céanna in ann an cúpla bpunt is úracht chun na bóithre Gaeltachta a chosaint leath chomh maith.

Tá seans maith ann. Mar dúirt mé, ceist statisticúla atá ann agus beidh deis againn nuair a cloisimíd Cheist Uimhir 19.

Top
Share