Tá straitéis an Rialtais i dtaca le buanú agus cur chun cinn na Gaeilge leagtha amach go soiléir i gClár an Rialtais. Léiríonn an Clár sin na céimeanna praiticiúla, dearfacha a ghlacfar a bheidh díríthe ar úsáid na Gaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht agus a leathadh sa chuid eile den tír. Aithníonn an Clár go mbeidh ról lárnach ag an tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne, agus ag an gCóras Oideachais ach go háirithe, i bhfeidhmiú an pholasaí sin.
Maidir le mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge leanfar leis agus treiseofar na céimeanna atá á nglacadh cheana féin ar mhaithe leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Leanfaidh mo Roinn-se agus an tÚdarás — trí na scéimeanna cúnaimh agus gríosaithe dá gcuid — de bheith ag cuidiú le forbairt teangan agus cultúr, le forbairt tionscail, feabhsú infrastruchtúir agus forbairt pobail sa Ghaeltacht ar mhaithe le buanú na Gaeilge inti. Lasmuigh den Ghaeltacht leanfaidh Bord na Gaeilge agus mo Roinnse lena gcuid iarrachtaí — trí scéimeanna agus tionscnaimh dá gcuid féin agus trí chúnamh a thabhairt d'eagrais agus grúpaí eile — chun úsáid na Gaeilge mar theanga beo agus mar ghnathmheán cumarsáide a chur chun cinn.