Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Oct 1997

Vol. 482 No. 2

Ceisteanna — Questions. Priority Questions. - Limistéir Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe.

Donal Carey

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán na ndéanfaidh sí teorainneacha na limistéar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe de réir na n-orduithe Rialtais a rinneadh ó 1956 a shainiú; an bhfuil sí lánsásta go bhfuil na treoirlínte ó thaobh labhairt na Gaeilge de á gcomhlíonadh go hiomlán. [17511/97]

Cuirfear sonraí faoi na toghranna ceantair agus na coda de thoghranna ceantair i gContae na Gaillimhe a áiritear mar Limistéir Ghaeltachta faoi Ordú na Limistéirí Gaeltachta 1956 timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Níl sé soiléir dom cad atá i gceist ag an Teachta sa dara cuid den cheist. Is féidir liom a dheimhniú dó, áfach, gurb iad na coinníollacha teanga céanna a chuirtear i bhfeidhm i ngach cuid den Ghaeltacht nuair a bhíonn iarratais ar dheontais á scrúdú.

Tá an obair atá déanta ag mo Roinnse i ndáil le hathbhreithniú theorainneacha na Limistéar Gaeltachta, á scrúdú agam faoi láthair agus déanfar an cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe.

Limistéir Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe chun críche an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1. Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Abhainn Ghabhla, Baile Chláir na Gaillimhe, Camus, An Carn Mór, Ceathramha Bhrún, Cill Aithninn, Cill Chuimín (Gaillimh), Cill Chuimín (Uachtar Árd), An Cnoc Buidhe, Conga, An Chorr, An Crampán, Eanach Dhúin (Gaillimh), An Fháirche, Na Forbacha, Garmna, Inis Mór (Oileáin Árainn) Leitir Móir, Mágh Cuilinn, An Ros, Sailchearnach, Scainimh, Sliabh an Iongna, An Spidéal, An Turloch agus Na hUilleannaí.

2. (1) An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Bhaile an Teampaill atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Baile an Gharráin agus An Poll Caoin.

(2) An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Bhearna atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Achadh an Ghliogair, Acraí Corr, An Aill, Áth Buidhe, Áth Tighe Seonaic, An Baile Árd Thiar, An Baile Árd Thoir, An Baile Nua, Baile na hAbhann, Baile Brún, Baile Búrc, Baile an Mhóinín Thiar, Baile an Mhóinín Thoir, Bearna, An Bhuaile Bheag Thiar, An Bhuaile Bheag Thoir, Buaile na Sruthán, An Ceapach, Cloch Scoilte, Cluain na nGabhar, Cnoc an Uaráin, Cnocán na Cathrach, An Coimín Mór, Corbhuaile (Loingseach), Corbhuaile (Muirgeanach) An Corcuileann, An Drom Thiar, An Drom Thoir, Na Fabhraí Maola Thiar, Na Fabhraí Maola Thoir, Gob na Mara, Gort na Leice, An Leac Liath, An Léana Bodhar, An Léana Riabhach, Lisín an Chaoráin, Loch Ínse, An Pollach, Roisín, An Saorphort, An Seanbhaile Dubh, An Seanghort, Tón na Breacaighe, Na Troscaí Thiar agus Na Troscaí Thoir.

3. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Bhinn Corr atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Barr na nEang, Barr na Sruthán, Doire Fhada Thiar, Doire Naomh-ghleann, Imeallach Dáith Ruaidh, Fineasclain, An Gleann Aibhneach, Gleann Ceocháin, Leitir Séagha, Leitre agus Log an Tairbh.

4. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Chloch na Rón atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Inis Ní, Iorras Beag Thiar agus Iorras Beag Thoir.

5. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair na Gaillimhe (Tuath) atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: An Caisleán Gearr, Mionloch agus An Pháirc Mhór.

6. An chuid de Thoghroinn Cheantair na Gaillimhe Thuaidh (Uirbeach) (Seanteorainn) a bhfuil an Abhainn Bháite mar theorainn leis an taobh Thoir-Theas di, a bhfuil Abhainn na Gaillimhe mar theorainn leis an toabh ThiarTheas di agus a bhfuil seanteorainn Cheantar Uirbeach na Gaillimhe mar theorainn leis an taobh Thuaidh dhi.

7. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair na Leacaighe Bige atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Coilltreog agus Na Croisíní.

8. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Leitir Breacáin atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Bun na bhFioscán, Cartún an Phóna, An Cnocán Bán, An Doirín, Na Groigin, An Liath, Muintir Eoghain Láir, Muintir Eoghain Thiar agus Muintir Eoghain Thoir.

9. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Lisín an Bhaile atá comhdhéanta den Bhaile Fearainn seo a leanas: An Carn Mór Thoir.

10. An chuid sin de na Toghroinn Cheantair Mhuigh-Iorras atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: Dún Riabhchain, Garraidhe Ómain, An Leith-Eanach Theas, Lios Uachtair agus An Tamhnach Mhór.

11. An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Thulach Aodháin atá comhdhéanta de na Bailte Fearainn seo a leanas: An Baile Dóighte, Ceathramha an Lustráin, Cluain na Binne, Cnoc an tSeanbhaile, Coill an Raontha, Droma Bheag, Gort an Chalaidh, Gort Uí Lochlainn, Liagán agus Tulach Aodháin.

Táim an-bhuíoch don Aire Stáit as ucht an freagra a thug sé dom. Chomh maith leis na Teachtaí eile guím gach rath ar obair an bheirt Aire sa Roinn. Níor thug sé aon tuairim maidir le húsáid na Gaeilge i dteaghlaigh i gCathair na Gaillimhe. An bhfuil aon rún aige i dtaobh na dteorannacha i gCathair na Gaillimhe? An bhfuil fonn air na teorannacha sin a leathnú chun daoine eile i gCathair na Gaillimhe a chur isteach sa Ghaeltacht?

Mar is eol don Teachta is ceist an-chasta í ceist Chathair na Gaillimhe. Tá cuid den chathair sa Ghaeltacht ar fáthanna stairiúla agus tá cuid eile nach bhfuil sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé tá an cás sin á scrúdú againn i láthair na huaire agus beidh mé ag déanamh moltaí i dtaobh réiteach na faidhbe a bhaineann leis an chathair go luath.

Mar is eol don Teachta freisin tá mise tar éis a bheith an-soléir faoin bhfadhb sin in agallaimh a thug mé nuair a bhí mé sa bhFreasúra agus ó chuaigh mé isteach mar Aire Stáit. Tá fadhb ann agus caithfear díriú ar an bhfadhb. Ach ní hé aithint na faidhbe an cheist ach réiteach na faidhbe. Tá rud amháin nár mhaith liom a dhéanamh agus seo an áit is mó go gcaithfimid a bheith cúramach faoi. Tá daoine taobh istigh de limistéar Chathair na Gaillimhe agus glacaim leis gur mionlach iad atá ag déanamh sár ndicheall ó thaobh na Gaeilge de. An fhadhb atá ann má athraíonn tú rudaí an gcuirfidh tú píonós ar na díograsóirí. Sin an rud atáim ag iarraidh a réiteach. Beidh mé ag déanamh moltaí i dtaobh na ceiste seo agus is féidir liom a dhearbhú freisin, ag glacadh leis go dtiocfaidh an Rialtas seo go dtí deireadh a thréimhse agus ní fheicim cúis ar bith nach dtiocfaidh, go mbeidh rud éigin déanta faoin gceist i bhfad roimh dheireadh thréimhse an Rialtais seo, rud ar theip ar an Rialtas deiridh rud ar bith a dhéanamh faoi.

Chuir mé suim sa mhéid a dúirt an tAire Stáit nuair a luaigh sé deireadh thréimhse an Rialtais seo. An bhfuil fhios an Aire Stáit go ndúirt an Taoiseach ar maidin go mbeidh reachtaíocht os comhair an Tí seo go luath? Táim ag úsáid na focla a d'úsáid an Taoiseach féin —"go luath i 1998". Bheadh an reachtaíocht sin ag plé le limistéir Ghaeltachta, le cúraimí na Roinne agus le cúraimí an Aire. Cén tuairim atá ag an Aire Stáit mar gheall ar an difríocht idir an rud atá sé díreach taréis a rá agus an rud adúirt an Taoiseach ar maidin?

Ní fheicim go bhfuil aon difríocht eatarthu.

Níl aon difear ann má tá an Rialtas chun teacht chun deiridh go luath i 1998. Dúirt an Taoiseach go mbeidh an reachtaíocht réidh ag tús 1998, Tá an tAire Stáit tar éis a rá go mbeidh an cheist seo réitithe roimh dheireadh théarma an Rialtais seo. Dúirt sé nár déanadh tada faoi go dtí seo agus mar sin de ach is é an Rialtas atá imithe a d'oibrigh ar an modheolaíocht chun an rud seo a dhéanamh.

Táim báúil leis an rud atá ar siúl aige ach cuireadh an cheist ar an Taoiseach ar maidin an raibh reachtaíocht beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Acht bhunúsach 1956, maidir le cúraimí na Roinne, cúraimí an Aire agus limistéar na Gaeltachta. Dúirt an Taoiseach go simplí, go luath i 1998. Tá an tAire Stáit ag rá go mbeidh an rud go léir réitithe aige roimh dheireadh théarma an Rialtais seo. Cioca ceann atá fíor?

Ar ndóigh, bheimis ag súil go dtiocfadh tús 1998 i bhfad roimh dheireadh théarma an Rialtais seo agus is dócha go bhfreagraíonn sé sin an cheist sin.

Maidir le ceist na reachtaíochta, ní cóir éirí rómheascaithe idir dhá rud. Le limistéir na Gaeltachta 1956 a athrú, níl aon ghá le reachtaíocht. Mar is eol don Teachta, is féidir le hOrdú Aire limistéir na Gaeltachta a athrú ag am ar bith gan reachtaíocht. Ach tá gnéithe eile ag baint leis an scéal seo agus beidh siad soiléir don Aire ar ball, gnéithe a bheas muid ag scrúdú go fíorghairid agus tá tagairtí do chuid díobh sin i gcuid de na cláir a chuireamar amach roimh an toghcháin. Feicfidh an Teachta rudaí ag teacht ar aghaidh go luath i dtaobh na ceiste.

Níl mé meascaithe a bheag nó a mhór faoin rud: tuigim go maith gur féidir Orduithe a dhéanamh agus a athrú taobh istigh de reachtaíocht 1956. Ní hé sin a dúradh. Má táthar chun conclúid a thógáil as an méid a dúirt an tAire Stáit, tá sé soiléir anois go mbeidh reachtaíocht againn go luath i 1988 ach nach mbeidh an fhadhb seo mar chuid den reachtaíocht sin. Ní féidir a rá go mbeidh sé againn ar maidin agus nach mbeidh sé againn tráthnóna.

Beidh gach tacaíocht ag an Aire Stáit uaimse má tá sé i gceist aige rud éigin a dhéanamh chun tacú le daoine atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógaint trí mheán na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe; bheinn taobhach leis sin. Ach an rud atá tábhachtach ná nach bhfuil sé soiléir cioca Teachta atá ag insint na fírinne. Ar maidin bhí sé soiléir go mbeadh ceist na limistéar sa reachtaíocht go luath i 1998. Roimh leath uair tar éis a trí, dúirt an tAire Stáit nach bhfuil reachtaíocht ag teastáil agus go mb'fhéidir go mbeidh rud éigin againn roimh dheireadh théarma an Rialtais. Cioca scéal atá fíor?

Mar a mhínigh mé don Teachta cheana, tuigeann sé féin an scéal i dtaobh athruithe i limistéir Ghaeltachta. Níl aon bhaint ag reachtaíocht 1956 leis na limistéir sin agus is dóigh liom go bhfuil an Teachta ag éirí beagáinín meascaithe faoi.

No, níl mé. Is é an Taoiseach a luaigh reachtaíocht ar maidin.

Mar is eol don Teachta, ní raibh mise i láthair ar maidin nuair a cuireadh an cheist. B'fhéidir go bhféadfadh sé soiléiriú a dhéanamh ar cad í an cheist go baileach a chuir sé agus na focail a d'úsáid sé. Ansin beidh mé in ann an rud a shoiléiriú dó.

An cheist a chuir mé ná an bhfuil reachtaíocht i gceist ag an Rialtas i 1988 a dhíreoidh ar cheisteanna bunúsacha faoi chúraimí Achta 1956: cumhachtaí na Roinne, cumhachtaí an Aire agus ceist limistéar na Gaeltachta. Fuair mé freagra.

Go raibh maith ag an Teachta as ucht an cheist a shoiléiriú dom; tá se an-soiléir anois. Tá an reachtaíocht sin i gceist go luath i 1998; tá an ceart ag an Teachta. Anois, b'fhéidir nach ndíreoidh an reachtaíocht sin ar chuile ghné den cheist a chuir sé agus sin an áit, b'fhéidir, gur éirigh míthuiscint eadrainn.

Ní raibh an tAire Stáit ar fáil dó.

Tá mé soiléir anois. Beidh reachtaíocht i gceist ag tús na bliana seo chughainn, reachtaíocht a bhaineann le cumhachtaí an Aire mar is eol don Teachta é, mar iar-Aire. Tá roinnt laincisí ann. Beidh cúpla píosa reachtaíochta i gceist againn leis an gceist seo a réiteach, mar tá ceist chumhachtaí an Aire i reachtaíocht amháin. Níl aon fhadhb ná níl aon ghá le reachtaíocht leis na limistéir Ghaeltachta a athrú agus sin an fáth go raibh beagáinín dul amú orm. Ach shoiléirigh ceist an Teachta an mhí-thuiscint a bhí air.

Ní raibh mí-thuiscint orm. Is ar an Taoiseach bocht a bhí sé.

Ó bhí, agus feicfidh an Teachta ar ball go raibh mí-thuiscint air. Bhí an Taoiseach cruinn ceart. Beidh reachtaíocht ann agus nuair a thiocfaidh an t-am, tiocfaimid ar ais ar thaifead na Dála. Beidh reachtaíocht ag teacht ag tús na bliana seo chugainn maidir le cumhachtaí an Aire.

B'aisteach don Teachta ceist a chur maidir le reachtaíocht i dtaobh limistéir na Gaeltachta nuair nach bhfuil aon ghá le reachtaíocht ina dtaobh.

B'fhéidir freisin go mbeidh reachtaíocht ag teastáil — agus tá aithbhreithniú á dhéanamh agam — maidir le ceist Acht Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, tá sé ann ó 1969 agus ba mhaith breathnú air. Sin ceist eile a bhfuil baint an-mhór agam leis an gceist seo. B'fhéidir nach dtuigeann cuid de na daoine an tábhacht a bhaineann leis in aon scrúdú a dhéanfar maidir le limistéir Ghaeltachta.

(Dublin West): An aontódh an tAire Stáit go bhfuil an-dáinséar ann gur ag cúngú na teorainneacha Gaeltachta a bheifear san am atá le teacht má leanann an brú ar an nGaeltacht? An bhfuil lán-eolas ag an Aire ar chomh láidir is atá an brú cultúrtha ar mhuintir na Gaeltachta ón domhan lasmuigh i láthair na huaire? Ní theastaíonn ó thuismitheoirí sa Ghaeltacht go mbeadh a gcuid leanaí nochtaithe roimh chultúr na Gaeltachta nó cultúr na Gaoluinne amháin; ní bheadh ansin ach seóbhineachas amaideach, abair. Tá sé an-deacair ar thuismitheoirí i láthair na huaire cothramú a fháil ar chultúir a leanaí de bharr an bhrú atá ann ó fhoinsí difriúla agus de bharr an dearcadh atá scaipthe ag na meáin chumarsáide, go mór mór, b'fhéidir, go mbaineann gach rud atá ‘hip’ ní le cultúr na Gaeltachta ach le príomhchultúr na tíre. Labhraim mar dhuine a chuireann ar chomhchéim iomlán an dá phríomhchultúr sa tír seo, agus tugaim ómós cuí do gach cultúr eile.

An bhfuil aon phlean ag an Aire Stáit nó ag an Roinn breis cabhair agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, idir thuismitheoirí agus glúin óg, go mbeidís in ann páirc imeartha níos cothroime a bheith acu agus iad ag tógaint a gclanna?

An freagra simplí ar an dara cuid den cheist ná go bhfuil plean á réiteach. Tuigimse féin na fadhbanna atá ann, mar is tuismitheoir mé a thóg clann sa nGaeltacht, trí Ghaeilge: tuigimse na brúnna atá ar mhuintir na Gaeltachta ó thaobh na teanga de. Tá gá le gníomhaíochtaí i bhfad níos raidiciúla ná mar a bhí ann cheana agus is gá na gníomhaíochtaí Gaeltachta a athrú chun oiriúint do na fadhbanna atá ann anois seachas na fadhbanna a bhí ann fiche nó tríocha bliain ó shin.

Is féidir leis an Teachta a bheith dearfa de go mbeidh athruithe bunúsacha á dhéanamh ar threo na Roinne agus ar threo na bpolasaithe le déanamh cinnte go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais an lae inniu. É sin ráite, tá cuid mhór d'aos óg na Gaeltachta, go mór mór iad siúd go mbíonn an deis acu dul taobh amuigh den Ghaeltacht, a thuigeann anois gur féidir leo an dá thaobh a thabhairt leo. Níor mhaith liomsa go bhfásfadh aos óg na Gaeltacha suas gan Béarla ach ó mo thaithí phearsanta féin ag tógáil clann le Gaeilge níl contúirt ar bith go dtarlóidh sé sin anois. Tá Béarla ar theilifís chuile áit thart orthu. An rud a chaithfimid a chinntiú ní hé nach dtabharfaidh siad an Béarla leo mar tabharfaidh agus sin mar is cuí ach freisin go dtabharfaidh siad an Ghaeilge leo agus go mbeidh an tacaíocht institiúideach ann do na daoine atá ag iarraidh é sin a dhéanamh. Tá gá le hathrú raidiciúil iomlán faoin gcaoi go dtugaimid faoin bhfadhb sin agus feicfear polasuithe nua agus athruithe treo bunúsacha ag teacht ar aghaidh agus tá súil agam nuair a tharlóidh sé go dtuigfidh lucht an Fhreasúra go bhfuil gá lena leithéid seo d'athrú agus go mbeidh tacaíocht le fáil uathu do na hathruithe agus don dearcadh níos réalaíoch atá sé i gceist agam a thógáil i dtaobh na ceiste seo.

An fhadhb a bhí i gceist ag an Aire Stáit i gcathair na Gaillimhe, chuala mé é a rá nach raibh aon ghanntanas airgid sa Roinn. An bhfuil sé ag rá linn go mbeidh na limistéir á leathnú le linn a réimeas sa Roinn?

Caithfidh gur bhain mí-thuiscint den Aire. Ní dúirt mé riamh nach raibh aon ghanntanas airgid ann mar bíonn ganntanas airgid ann i gcónaí. Cinnte dearfa, d'fhéadfainn aon mhéid airgid a thabharfaí dom le caitheamh a chaitheamh.

Is dóigh liom gur ceist chasta é ceist chathair na Gaillimhe agus tá roinnt moltaí déanta agam go poiblí faoi na bealaí éagsúla a fhéadfaí tabhairt faoin gceist seo a réiteach. Go dtí seo, bhíothas ag glacadh leis gur ceist dubh agus bán a bhí ann: bíodh an chathair istigh sa Ghaeltacht nó fágfaimis an status quo. Tá mé tar éis a rá go minic nach mar sin a fheicim é. Feicim go bhfuil áit speisialta ag cathair na Gaillimhe mar an t-aon chathair amháin sa tír a bhfuil teorann aici leis an nGaeltacht, cathair go gcloistear an Ghaeilge go minic ar a sráideanna agus i bhfad níos minicí ná in aon chathair eile in Éirinn. É sin ráite, caithfimid glacadh leis gur Béarlóirí formhór mhuintir chathair na Gaillimhe. An rud atá mise ag iarraidh a dhéanamh ná teacht ar fhoirmle leis an dá rud sin a réiteach. Ní dóigh gur trí línte breise a tharraingt ar léarscáil go simplí go ndéanfar an cheist seo a réiteach. Beidh mé ag déanamh moltaí sonracha i dtaobh na ceiste seo agus is féidir leis an Teachta glacadh leis go ndéanfar na moltaí seo go réasúnta luath.

Tógfaidh sé reachtaíocht cuid de na moltaí atá i gceist agam a dhéanamh a dhéanamh; i gcásanna eile is féidir iad a dhéanamh le hOrduithe Aire. Beidh cur le chéile den dá rud ag teastáil chun an fhadhb seo a réiteach.

Is féidir a bheith cinnte de go dtabharfar faoin rud a seachnaíodh le blianta fada, an cheist ollmhór seo, mar níl aon difríocht idir Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin agus Baile Bán nó Rathún agus cén fáth i gcás duine ón nGaeltacht atá ag cónaí i Rathún go ngearrtar as chuile rud iad, ach dá mbeidís leathmhíle síos an bóthair, bheidís istigh?

Is féidir glacadh leis go bhfuil sé faoin Rialtas seo tabhairt faoi réiteach a fháil ar an fhadbh seo, rud ar theip ar an Rialtas deiridh a dhéanamh.

Top
Share