Ní fhaca mise an preasráiteas a rinne an Dochtúir Ó Tuathaigh. Chas mise le bord an Údarais ar 26 Meán Fómhair. Níor iarr siad aon bhreis cumhachtaí ormsa an lá sin — dúirt mé é sin — agus níl aon rud ar mo dheisc ón Údaras ag iarraidh breis cumhachtaí orm.
B'fhéidir nach dtuigeann an Teachta go bhfuil difríocht idir feidhm agus cumhacht agus b'fhéidir gurb é sin an áit atá an míthuiscint idir an rud a dúirt an Dochtúir Ó Tuathaigh agus an cheist a cuireadh ormsa.
Maidir leis an gceist a cuireadh ormsa i dtaobh cumhachtaí, cumhachtaí go gcaithfidh mé a fháil ó Ranna eile, tá feidhmeanna acu i ngo leor rudaí agus d'fhéadfainn breis feidhme a thabhairt dóibh ar bhealacha atá éasca go maith. Níl, i lathair na huaire, aon iarratas agamsa ón Údaras ón gcruinniú sin do bhreis feidhmeanna nó cumhachtaí. Ach cuireadh isteach rud ó shin; níl sé agam fós — tuigeann an Teachta go bíonn na rudaí á phróiseáil sa gcóras. Glacaim leis go dtiocfaidh sé chugam. Níor cuireadh aon cheist orm le haghaidh breis feidhmeanna nó cumhachtaí ar an lá a chas mise leis an Údaras ar 26 Meán Fómhair 1997.