Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Oct 1997

Vol. 482 No. 2

Written Answers - Bord na Gaeilge.

Paul Connaughton

Question:

54 D'fhiafraigh Mr. Connaughton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas í leith Bhord na Gaeilge; agus céard iad na moltaí ata aici don Bhoird as seo amach. [17433/97]

Bunaíodh Bord na Gaeilge faoin Acht um Bhord na Gaeilge, 1978.

Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Bhoird sonraithe in alt 3 den Acht sin. Go hachomair

—déanfaidh an Bord an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn;

—tá feidhmeanna ginearálta ag an mBord, faoi réir aon Aire Rialtais a bheith freagrach i ngné áirithe, beartais i ndáil leis an nGaeilge, bearta agus nósanna imeachta a bhaineann leis na nGaeilge a fhorbairt, a chomhordú agus a mheas agus cúnamh a thabhairt ina leith; agus

—féadfaidh an Bord comhairle a thabhairt d'Aire Rialtais maidir le hábhar a bhaineann leis an nGaeilge agus comhairle, cúnamh agus comhoibriú a thabhairt do Roinn Stáit nó do chomhlacht reachtúil nó do chomhlacht eile maidir le hábhar den sórt sin.
Déantar cur síos ar ghníomhaíochtaí an Bhoird sna Tuarascálacha Bliantiúla a fhoilsítear agus a leagtar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Is tasc fíordheacair a tugadh don Bhord chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn leathan. Bítear ag brath cuid maith ar dea-mhéin an phobail agus ar chomhoibriú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach chun na críche sin. Maidir leis an earnáil phoiblí tá sé ráite i gClár an Rialtais go mbeidh freagracht ar Oifig Ombudsman a chinntiú go mbeidh an ceart dlithiúil agus an deis laethúil ag pobal na Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, leis na húdaráis áitiúla agus le fondúireachtaí poiblí. Beidh Acht Teanga de dhíth mar bhonn reachtúil le haghaidh gníomhaíochtaí an Ombudsman agus beidh tús á chur le Bille chun na críche sin a dhréachtadh i mo Roinnse. Tá socraithe agam freisin bualadh leis an mBord don dara huair go luath d'fhonn céimeanna praiticiúla maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn a aithint agus a chur i gcrích.
Top
Share