Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Nov 1997

Vol. 483 No. 3

Written Answers. - Cé Mhálann Bhig.

Dinny McGinley

Question:

332 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici crann tochrais a chur ar fáil ag Cé Mhálainn Bhig i nDún na nGall. [20591/97]

Le litir an 8 Meán Fómhair thairg mo Roinnse deontas de £7,000 nó 50% de chostas na hoibre, cibé acu is lú, do Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar chabhair chun crann tochrais leictreach a chur ar fáil ag Cé na Málainne Bige. Ní bhfuarthas aon scéal ar ais ón gComhairle Contae go fóill.

Top
Share