Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 72 agus Uimh. 80 le chéile.
Faoi láthair tá trí chóras iompair foirdheonaithe go dtí an mórthír ó na hoileáin Árainn: córas lastais agus paisinéirí go Gaillimh, córas paisinéirí go Ros an Mhíl agus córas taistil aeir — Aer Árann. Tá an dá chóras farantóireachta ag fáil foirdheontais ó mo Roinnse agus tá freagracht go príomha ar Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé leis an gcóras taistil aeir. Ar ndóigh, tá an ciste atá ag mo Roinn do na hoileáin teoranta agus níl aon chóras foirdheonaithe ag cuid de na hoileáin faoi lathair. Tógfar gach rud san áireamh nuair a bheidh cinntí á ndéanamh agam amach anseo maidir le cúrsaí taistil idir na hoileáin agus an mhórthír.