Faoi réir na socruithe a deineadh sa Bhille Airgeadais 1996 tá stádas speisialta infheistíochta ag na hOileáin Árann Mhór, Innis Bó Finne, Inis Fraoigh agus Oileán Tóraí atá i gceantar feidhme Chontae Dhún na nGall. Tugadh aitheantas speisialta chun críche na bhfórálacha mar a léirítear iad in altanna 65-70 den Bhille Airgeadais thuas do 21 oileán amach ón gcósta a bhí sonraithe i dTuarascáil an Choiste Idir-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt Oileán agus a raibh buanchónaí orthu le glúin amháin anus, ar a laghad,. Tuigim nár tugadh an t-aitheantas sin d'Oileán Ghabla ar an mbonn nach raibh an coinníoll thuas faoi bhuanchónaí comhlíonta ina chás.