Michael D. Higgins
Question:848 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé ar intinn aige treoirlínte i nGaeilge a chur ar fáil do mhúin-teoirí ag freastal ar Shiollabas an Teastais Shóisearaigh. [1398/98]
Vol. 486 No. 1
848 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé ar intinn aige treoirlínte i nGaeilge a chur ar fáil do mhúin-teoirí ag freastal ar Shiollabas an Teastais Shóisearaigh. [1398/98]
Cuireadh tús leis an gclár nua den Teastas Sóisearach de réir a chéile sa tréimhse 1989 go 1992, ach go háirithe. Eisíodh siollabais athchóirithe a d'ullmhaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chuig scoileanna i nGaeilge agus i mBéarla.
Rinne an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Méasúnachta treoirlínte d'oidí le haghaidh roinnt ábhar a ullmhú agus eisíodh iad go formhór i dteanga amháin — i mBéarla go mórmór. Is mar thaca d'oidí chun na siollabais nua a chur chun siúil seachas mar ábhair acmhainne ranga a bhí sna treoirlínte sin.
De bhrí nár cuireadh leagan Gaeilge de na treoirlínte ar fáil i ngach cás comhuaineach leis na siollabais nua, tá socrú á dhéanamh agam anois ar aistriucháin na dTreorlínte sin a chur ar fáil lena n'eisiúint chuig scoileanna chomh luath agus is féidir.