Tá cúrsa i nGaeilge ar fáil mar chuid de chlár na hArdteistiméireachta Feidhmí faoi láthair do gach scoil atá páirteach sa chlár. Tá curtha in iúl ag scoil amháin go dteastaíonn uaithi go gcuirfí cúrsa speisialta dar teideal "Gaeilge agus Cumarsáid" ar fáil di. Tá sé sin á dhéanamh ag an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta le comhairle ón scoil. Ag an am céanna, tá cúrsa speisialta dar teideal "English and Communication" á chur ar fáil sa tslí chéanna do dhaltaí na scoile sin agus cuirfear scrúdú speisialta ar fáil bunaithe ar na modúil atá i gceist.