Pádraic McCormack
Question:22 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici an t-iomlán d'Oileán Acla a chur sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6541/98]
Vol. 488 No. 5
22 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici an t-iomlán d'Oileán Acla a chur sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6541/98]
40 D'fhiafraigh Mr. Stagg den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici ordú a dhéanamh i dtéarma an Rialtais ag déanamh athrú ar theorainneacha na nGaeltachtaí. [6489/98]
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 22 agus 40 le chéile.
Tá ceist teoranneacha na Gaeltachta agus feidhmiú polasaithe na Ranna Rialtais agus eagraíochtaí Stáit taobh istigh den Ghaeltacht á scrúdú faoi láthair ag mo Roinnse agus trí mheán an Choiste Eadar Rannach ar Oileáin, Gaeltacht agus an Ghaeilge. San idir-linn, níl i gceist aon cheantar eile a áireamh mar limistéar Gaeltachta.