Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Mar 1998

Vol. 489 No. 1

Written Answers. - Postanna Breise.

Michael D. Higgins

Question:

125 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé ar intinn aige teacht i gcabhair ar riachtanais sheirbhísí feabhais do Bhunscoileanna Inis Mór. [7666/98]

Braitheann soláthar postanna dá leithéid in aon bhliain ar leith ar phostanna breise a bheith ar fáil de thoradh laghduithe ar líon na ndaltaí sa chóras bunscolaíochta. Cheadaigh an tAire a bhí romham mórchuid na bpostanna a bhí ar fáil ón bhfoinse seo don scoilbhliain 1997-98 mar chuid de chomhaontú le Cumann Múinteoirí Éireann faoi shocruithe foirne go ginearálta. Cuireadh 54 múinteoirí feabhais breise ar fáil do scoileanna náisiúnta, don bhliain reatha.

Ní acmhainn dom a thuilleadh múinteoirí feabhais a chur ar fáil do scoileanna náisiúnta i láthair na huaire.

Leanfaidh mé ag athbhreithniú an tsoláthar do limistéar na riachtanas speisialta, an tseirbhís múinteoireachta feabhais san áireamh, lena chinntiú go ndéanfar na hacmhainní uile atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí. Is féidir liom a dhearbhú don Teachta go gcuirfear na riachtanais atá ag na scoileanna dá dtagraíonn sé san áireamh go hiomlán i gcomhthéacs dáileadh breise ar bith a dhéanfar ar acmhainní feabhais amach anseo.
Top
Share