Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Michael D. Higgins

Question:

74 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas i leith airgeadú mhuiroibreacha a Roinnese go ginearálta de agus mhuiroibreacha Thoraí go háirithe. [10851/98]

Faoi mar is eol don Teachta féadfaidh mo Roinnse deontas suas go 100 faoin gcéad den chostas a thabhairt mar chabhair chun saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú. Is iad Roinn na Mara agus Acmhainní Nadúrtha nó na húdaráis áitiúla a chuireann na tograí i gcrích thar ceann mo Roinnse. Is suim £2.250 milliún atá ar fáil dom faoin scéim seo i mbliana.

Maidir leis na saoráidí calaíochta ar Oileán Thoraí, ceadaíodh suim £4.6 milliún i 1996 chun scéim mhór mhuiroibreacha a chur i gcrích thar thréimhse trí bliana ag an mBaile Thiar, Toraigh. Obair dhreidireachta mar aon le leathnú agus síneadh ar an gcé atá i gceist. Is í Roinn na Mara agus Acmhainní Nadúrtha atá freagrach as na hoibreacha a chur i gcrích ar son mo Roinnse agus tá siad tar éis tuairisciú anois go dtógfaidh sé ceithre bliana ar a laghad chun an scéim a chríochnú. Thart ar £3.15 milliún atá caite ar an togra go dáta.
Top
Share