Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 May 1998

Vol. 491 No. 3

Written Answers. - Obair an Ché Thoraí.

Dinny McGinley

Question:

394 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a bheidh an obair ag tosú ar Ché Thoraí i mbliana agus an dtuigeann sí an imní atá ar phobal an oileáin go bhfuil an bhliain ag imeacht agus gan tosú déanta. [12310/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 74 den 7 Bealtaine 1998.

Mar a thug mé le fios san fhreagra sin is í Roinn na Mara agus Acmhainní Nadúrtha atá freagrach as an scéim mhór mhuiroibreacha seo — a bhfuil suim £4.6m ceadaithe ina leith — a chur i gcrích ag an mBaile Thiar, Toraigh. Tá curtha in iúl ag an Roinn sin dom anois go mbeidh siad ag cur tús leis an obair ar an Oileán an tseachtain seo chugainn. Tá siad ag earcú fóirne faoi láthair agus tuigim go bhfuil agallaimh ar siúl ar an oileán chun postanna áirithe a líonadh.

Top
Share