Dinny McGinley
Question:235 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a bheidh sí ag fógairt deontais na mbóithre portaigh Gaeltachta ó tharla go bhfuil leath na bliana imithe cheana féin agus go bhfuil géarghá le deisiúchán ar mhórán acu. [12993/98]