Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1998

Vol. 497 No. 3

Written Answers - Íocaíochtaí Deontais.

Donal Carey

Question:

162 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéíd airgid a thug Údarás na Gaeltachta don chomhlacht Fruit of the Loom; agus an ndéanfaidh sí ráiteas faoi líon na bhfostaithe atá ann faoi láthair. [24913/98]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é £173,087 méid iomlán an deontais a d'íoc siad le comhlacht Fruit of the Loom International Ltd agus gur i leith an ghnó ar an gClochán Liath a tugadh an cúnamh sin — go bhfuil breis agus 50 fostaí san ionad sin faoi láthair; go mbeidh deireadh leis an bhfostaíocht sin ag deireadh na míosa seo; agus go bhfuil gach dícheall á dhéanamh acu chun malairt fhostaíochta a aimsiú do na fostaithe i gceist.

Top
Share