Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1998

Vol. 497 No. 3

Written Answers - Teilifís na Gaeilge.

Enda Kenny

Question:

35 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici comórtas poíblí a sheoladh ionas go mbainfear úsaíd as am craolachaín nach bhfuil á úsaid faoi láthair ag Teilifís na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24839/98]

Faoi mar atá fógraithe agam cheana féin, tá foráil sna moltaí atá déanta agam le haghaidh reachtaíochta chraolacháin chun go gcuirfí Teilifís na Gaeilge ar bun mar eagraíocht reachtúil ar leith. Beidh an úsáid a bhainfear as líonra Theilifís na Gaeilge mar chúram ar an eagraíocht sin laistigh den ról reachtúil a leagfar amach di. Go dtí go mbunófar Teilifís na Gaeilge ar bhonn reachtúil, is ar Údarás RTÉ a fhanfaidh an oll-fhreagracht i ndáil le feidhmiú Theilifís na Gaeilge.

Top
Share