Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Dec 1998

Vol. 498 No. 5

Adjournment Debate. - Gairmscoil Chú Uladh, An Ghaeltacht Lár.

Tá Gairmscoil Chú Uladh suite i mBéal an Átha Mhór i nGaeltacht Lár Dhún na nGall. Roimh 1982 ní raibh iar-bhunoideachas tré Ghaeilge le fáil ag páistí an cheantair seo cé gur i nGaeilge a bhí a gcuid bunscolaíochta. Ba mhór an dochar é sin do labhairt agus stádas na Gaeilge san áit.

Tháinig buíon daoine le chéile agus bhunaigh siad feachtas le hiar-bhunscoil Ghaelach a fháil. Sa bhliain 1982 ceadaíodh scoil, cuireadh seomraí réamhdhéanta ar fáil agus i bhfómhar na bliana d'oscail an scoil úr le 23 dalta ar na rollaí.

Ba ar bhonn trialach a ceadaíodh an scoil ar feadh dhá bhliain. In a dhiaidh sin cheadaigh an tAire Oideachais ag an am, Gemma Hussey, trí bliana eile agus i 1994 osclaíodh scoil úr i bhfoirg-neamh úr.

Inniu tá tinreamh de 155 ar an scoil; gach ábhar á theagasc trí Ghaeilge agus saol na scoile uilig á riaradh trí Ghaeilge. Scéal iontach dóchasach gan dabht.

D'éirigh leis an scoil atá ainmnithe do Chú Uladh, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, spiorad agus borradh úr a thabhairt isteach sa cheantar Gaeltachta seo. Ní amháin go bhfuil oideachas d'ard-chaighdeán á chur ar fáil ach gla-cann siad páirt in imeachtaí eile mar dhíospóire-achtaí, spórt agus Taispeántas na nEolaithe Óga Aer Lingus. Chomh maith le torthaí den scoth a bhaint amach sna scrúduithe tá gradaim agus duaiseanna go leor eile ag an scoil i gcomórtais áitiúla agus náisiúnta.

Tá an chéadchodán de na daltaí a chríoch-naíonn cúrsa Ardteistiméarachta níos airde ná an meán ar fud na tíre agus an chéad-chodán a thite-ann amach as oideachas níos ísle ná an meán náisiúnta.

Mar sin féin tá deacrachtaí sa scoil de bharr easpa áiseanna agus spáis. Níl ach sé seomra ranga rialta sa scoil, rud a chiallaíonn go mbíonn ranganna ar siúl sa halla agus sa phasáiste go rialta. Níl de spás sa seomra ríomhaireachta ach 36 méadar cearnach, rud a fhágann go mbíonn sé plódaithe.

Tá na háiseanna leithris easnamhach. Níl ach dhá leithreas do bhuachaillí agus trí leithreas do chailíní le freastal ar 150 dalta.

Níl sé seo ceart nó inghlactha. Níl áiseanna leithris ann do na múinteoirí agus níl oifig ann don phríomh oide.

Níl leabharlann sa scoil agus níl seomra staidéir do na mic léinn sinsearacha a bhíonn ag ullmhú do scrúduithe. Níl seomra bídh sa scoil do na daltaí agus tá an seomra fóirne ró-chúng agus bíonn sé plódaithe nuair a bhíonn na múinteoirí uilig i láthair.

Cé go bhfuil páirc bhreá imeartha in aice leis an scoil níl folcadáin ann do na daltaí mar a bhíonn i scoileanna eile. Mar sin, tá sé soiléir go bhfuil géarghá le breis áiseanna agus spáis má tá an scoil le forbairt agus freastal ceart a dhéanamh ar na daltaí.

Is iad na háiseanna is práinní atá de dhith orthu anois ná seomra úr ríomhaireachta, trí sheomra ranga agus ceann acu gléasta go speisialta do líníocht theicniúil, tuilleadh leithris agus seomraí clóchaí, seomraí folca agus gléasta do chúrsaí spóirt, seomra ceart fóirne — d'fhéadfaí an seomra fóirne atá ann faoi láthair a úsáid mar oifig — agus seomra lóin nó proinnteach a d'fhéadfaí a úsáid mar sheomra staidéir nuair a bhíonn feidhm leis.

Deineadh plé ar na háiseanna seo ag an Choiste Ghairmoideachais agus aontaíonn an coiste go bhfuil gá leis an obair seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Táim ag iarraidh ar an Aire agus ar an Roinn cead a thabhairt don Choiste Ghairmoideachais dul ar aghaidh chomh luath agus is féidir.

Gairmscoil Chú Uladh is situated in Ballinamore in the Donegal Gaeltacht Lár, one of the strongest Gaeltacht areas in County Donegal, if not in the country. This school was established in 1982 in response to a campaign waged by local parents and others who wanted post-primary education through the medium of Irish for their children. At its opening day in 1982 there was an enrolment of 23 pupils accommodated in a number of prefabricated classrooms.

Since then the school has developed and expanded. In 1994 a new building was officially opened and today there are more than 150 pupils enrolled. This school has obtained a high level of academic achievement, an above average percentage of the pupils complete their second level studies and the drop-out rate is much lower than the national average. The pupils have also won recognition for activities other than academic subjects. They participate with distinction in many types of sport, cultural events such as Scór na nÓg and have won many awards at the Aer Lingus Young Scientist of the Year Exhibition.

They urgently need extra accommodation including a computer room, three general classrooms, enhanced toilet and cloakroom facilities, changing rooms and showers, an office, a canteen and a staffroom. These plans have already been discussed at and are supported by County Donegal VEC of which I am a member and I understand stong representations have been made through the VEC to the Department of Education.

I appeal to the Minister to do everything possible to ensure that this application is sanctioned so that the pupils of Gairmscoil Chú Uladh have the accommodation to which they are entitled.

Nuair a bhuail mé don chéad uair le mo shean-chara, an tAire Séamas Mac Daibhéad, ní raibh sé in ann mé a thuiscint agus mé ag caint as Béarla. Dúirt mé leis go mbéadh mínitheoir ag teastáil uainn. Tá súil agam go mbeidh an Teachta Mac Fhionnlaoich in ann mé a thuiscint agus mé ag labhairt i nGaeilge Chiarraí.

Fuair mé mo chuid oideachais i mBaile Mhúirne agus mar sin ní bheidh deacracht ar bith agam.

Is maith sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil Gaeilge líofa, flúirseach, binn ag an dTeachta. Is oth liom nach bhfuil sé chomh líofa agam féin.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht an t-ábhar seo a árdú. Tugann sé deis dom a chur in iúl don Teachta conas mar atá cursaí maidir le Gairmscoil Chú Uladh.

I dtús báire ba mhaith liom gearrchuntas a thabhairt ar chúlra an cháis seo. Tá an scoil seo faoi choimirce Choiste Ghairmoideachais Chontae Dhún na nGall. Tá rollachain 161 daltaí (83 buachaillí agus 78 cailíní) ag freastal ar an scoil faoi láthair.

I láthair na huaire, tá iarratas amháin faighte ó Choiste Ghairmoideachais Chontae Dhún na nGall le haghaidh cóiríocht breise do Ghairmscoil Chú Uladh. Fuarthas an t-iarratas seo i mo Roinn i Mí na Samhna seo chaite. Iarradh ar údaráis na scoile le déanaí, an fhoirm iarratais chuí a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chun an Aonad Tógála, Tulach Mhór, i dtreo is gur féidir an t-iarratas a bhreithniú go h-iomlán í mo Roinn.

Déanfar an t-iarratas a scrúdú í gcomhthéacs uimhir na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil, inmharthanacht na scoile agus na h-impleachtaí costas don Roinn.

Geallaim don Teachta go ndéanfar an t-iarratas a scrúdú chomh tapaidh agus is féidir agus go gcuirfear an bhreith in iúl do Choiste Gairmoid-eachais Chontae Dhún na nGall gan mhoill.

The Dáil adjourned at 10.35 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 17 December 1998.

Top
Share