Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Feb 1999

Vol. 500 No. 2

Written Answers. - Meánscoileanna Lán-Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

203 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolochta cén plean atá aige meánscoileanna lán-Ghaeilge a chur ar bun a dhéanfadh freastal ar on na mbunscoileanna lán-Ghaeilge atá ag méadú i gcón go mór mór i dtuaisceart Átha Cliath agus i gContae na ; agus cad a tharla don ghealltanas a thug sé do Choiste Mheánscoil Oirthuaisceart Baile Átha Cliath ag rá go raibh sé de rún daingean aige féachaint chuige go mbeidh réiteach sásúil ar an gceist seo roimh an scoilbhliain a thosnóidh i Meán Fómhair 1999. [3868/99]

Mar is eol don Teachta, fuarthas iarratas i mo Roinn ón bhFochoiste Meánoideachais, i dtaca le Coiste Ghairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais an cheantair seo.

Glacann mo Roinn leis, go bhfuil méadú ar an éileamh ar oideachas dara leibhéal tré Ghaeilge i dtuaisceart na Cathrach, toisc an fás atá tagtha le blianta anuas ar uimhir na ngaelscoileanna sa cheantar. Is an cheist is mó atá le réiteach ná conas is fearr freastal a dhéanamh ar an éileamh seo.
D'aimsigh an Fochoiste somh taobh le Scoil Neasáin agus rinne ball d'Fhoireann Teicniúil mo Roinne an somh sin a mheas. Léirigh an scrúdú sin nach mbeadh an somh, atá 1.2 acra ar fhairsinge, oiriúnach ar chor ar bith le h-aghaidh buan-fhoirgneamh scoile.
Is féidir liom a dhearbhú, áfach, go bhfuil oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis an bhFochoiste agus le Coiste Ghairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, d'fhonn réiteach sásúil a aimsiú a luaithe agus is féidir.
Top
Share